Rugadh agus tógadh Kitty in Srath na gCopóg go raibh sí 2 bhliain, bhog siad go Mín na Srón ar feadh cúig bliana agus ar ais go Srath na gCopóg arís le cónú lena huncail. Bhí a hathair ag obair i dTeach an Gheafta. A cuimhne ar an lá a fuair a hathair (Jimmy Ó Dochartaigh) bás. Bhíodh sé ag obair ar an bhóthar iarainn agus a shiúl achan mhaidin. Tá cuimhne mhaith aici ar teach an gheafta, ar an traein agus ar na dualgais a bhí ar a hathair.
00:04:40
An muintearas atá fágtha aici anois, níl mórán acu ann.